Tréadlitir an Chorgais  2006

Deoise Caitliceach Ráth Bhoth

.

AN CORGAS 2006

.

Gráigh Dia

.

.

.

.

.

agus

Gráigh
do Chomharsa.

An Dr. Sár-Oirmh Pilib Ó Buaidhe, OCD.

Easpag Ráth Bhoth

Gráigh an Tiarna agus Gráigh Do Chomharsa.  

Sa chéad Imlitir a sheol an Pápa Benedict XVI chuig an phobal uilig is é an t-abhar a thoigh sé ná an grá atá ag Dia dúinne agus an dualgas atá orainne an grá sin a rannt le daoine eile. Ní de thoradh ár smaointe agus ár roghanna féin atá muid inár gCríostaithe agus inár gcreidmhigh ach de thoradh an chreidimh atá again go bhfuil grá ag Dia dúinn. Tá muid inár gCríostaithe de thairbhe ár “dteagmhála le rud a tharla, le pearsa a thugann léas úr dóchais agus treo chinniúnach dár mbeatha” (Deus Caritas Est 1). Mar sin de, tá an grá I gceartlar ár gcreidimh Críostaí. Agus shocraigh an Pápa labhairt ar an ábhar seo sa chéad theachtaireacht shollúnta a chuir sé ós ár gcomhair, sé sin, ar an ghrá ata ag Dia do achan duine againne agus ar an ghrá a iarrtar orainne a thabhairt dó-san agus ansin do dhaoine eile.  

Tá na Scrioptúir lán de shleachta a chuireas síos ar cad é chomh fíor agus comh tréan is atá grá Dé dúinn. D’úsáid na fáithe samhailtí bhríomhara ionas go dtuigfeadh na daoine cad é chomh hiontach is a bhí grá seo Dé: “An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche, an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne? Agus dearmad dá ndéanfadh féin, ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo. Féach, tá tú greanta ar bhosa mo lámh agam” (Is. 49:15-16).  

“A Iosrael, ní ligfidh mé chun dearmaid thú. Ta do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néal agua do chionta ar nós scamaill. Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam” (Is 44:21-22)  

Shroich grá De dúinn a bhuaicphointe nuair a chuir sé an té a b’ansa leis, a mhac féin, chugainn lenár nádúr a ghlacadh air féin, le bheith mar dhuine again, lena shaol a chaitheamh ar talamh mar a dhéanann muidinne agus ansin lena bheatha a thabhairt ar ár son ar chrann na Croiche: “Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin go dtug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige. “ (Eoin 3:16)  

Ar a shon seo, tá sé de dhualgas orainne grá a thabhairt do Dhia go dílis agus i ndáiríribh. Dena haitheanta uilig a thug Dia dúinn agus ina gcuireann sé in iúl cad é ba mhaith leis muid a dhéanamh, sé an ceann is mó: “Eist, a Iosrael: an Tiarna ár nDia, an t-aon Tiarna. Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán, ó do anam go hiomlán, agus ó do neart go hiomlán” (Deot 6:4-5).

D’úsáid Íosa na focail seo nuair a cuireadh ceist air cén aithne ba mhó agus chuir sé leis: “Seo í an dara ceann: Gráóidh tú do chomharsa mar thú fein. Níl aithne eile is mó ná iadsan”. (Marc 12:31)  

AN GRÁ ATÁ FÉINLÁRNACH AGUS AN GRÁ NACH BHFUIL

Sa chéad chuid dá Imlitir, scrúdaíonn an Pápa Benedict XVI an ceangal atá idir an grá féinlárnach anghách (erotic) agus an grá atá uasal, atá sásta é féin a íobairt ar son an té a ghráitear, a thógann suas muid chuig na críocha Diaga. Is mothú agus mealladh speisialta a chuir an Cruthaitheoir é féin inár nádúr é an grá daonna a tharraingíonn an fear agus an bhean ionsar a chéile. Níor cheart drochmheas a bheith ar an ghrá seo. Ach, cosúil le gach mian agus le gach paisiún, caithfear é a smachtú agus a uaisliú. Sa lá atá inniu ann , ar an drochuair, baintear míúsáid as go minic. Úsáidtear é agus gan de chuspóir aige ach pléisiúr ghnéasach chollaí a thabhairt. Is minic deighilt idir an mhian chumhachteach atá ionainn le freastal ar dhaoine eile agus le íobairt a dhéanamh ar son na nuabheatha ar an taobh amháin agus, ar an taobh eile, an dúil fhéinlárnach i bpléisiúr phearsanta na huaire. Deir an Pápa Benedict XVI go ndéantar,

        “gnéas ar mhaithe le gnéas den ghrá anghrách seo. Déantar earra de, ‘rud’ atá le díol ‘s le ceannacht. Déantar earra, ‘rud’ den duine féin. Ní hé seo dearcadh dearfach an duine ar an chorp ach a mhalairt ar fad. Chítear an corp agus an gnéas mar chodanna ábharacha den duine, le húsáid agus le míúsáid ar a thoil. Ní fheictear an corp mar mhachaire na saoirse ach mar ábhar pleisiúir gan dochar. Íslítear luachaireacht an choirp dhaonna ar an dóigh seo” (Uimh 5)

Más fíorghrá an grá díríonn sé ár n-aire ar shiúl uainn féin. Níl sé feinlárnach. Ta sé féindiúltach, má tá sé a dhath. Lorgaíonn sé leas an té dá dtugtar é. Tá sé réidh agus toiltenach le híobairtí a dhéanamh.  

Is é toil an Chruthaitheora go dtarraingeodh an grá gnéasach an bhean agus and fear ionasar a chéile ionas go bhfágfadh siad athair agus máthair, go ndéanfaí aon cholainn amháin daofa agus go mbunódh siad teaghlach úr. Beannaíonn Críost an pósadh le grásta na Sacraiminte. Tá grá an phósta dílis agus dóscaoilte agus is íomhá é den ghrá dílis a cheanglaíonn Dia agus a phobal le chéile. Seo mar a chuireann an Caiticiosma é:

“An Dia a chruthaigh an duine le barr grá, glaonn sé air chuig an ghrá freisin, de ghairm bhunúsach atá sa dúchas ag gach neach daonna.Óir cruthaíodh an duine ar dheilbh agus i gcosúlacht Dé arb é an Grá é féin. Ós fireann agus baineann a chruthaigh Dia iad déantar dá ngrá dá chéile íomhá den ghrá úd gan chuimse gan dul I léig atá ag Dia don duine daonna. Tá sé siúd maith, sármhaith, i súile an Chruthaitheora. Agus an grá sin atá beannaithe ag Dia, is dual dó bheith torthúil agus é féin a chur i ngníomh sa saothar coiteann úd is caomhnú na cruinne ann : ‘Agus bheannaigh Dia iad á rá leo : “Bígí torthúil, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air”’ (Gein. 1,28). (CIC 1604)

Bíonn an grá seo a tharraingíonn an fear agus an bhean ionsar a chéile ina ghrá apaidh nuair nach pleisiúr na haonuaire amháin a lorgaíonn an lánúin. Is iad leas agua sonas an duine eile is toil le gach duine acu. Is mian leo oiread a thabhairt agus a fhaigheann siad. Is grá geanmnaí é seo agus is ábhar áthais agus aoibhnis fhíordhomhain é.  

AN DTIG LINN DIA A GHRÁÚ?

AN DTIG LEIS AN GHRÁ A BHEITH ÉIGEANTACH ?

Ach, an dtig linn grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca muid ariamh agus atá taobh amuigh de réim ár samhlaíochta? Agus arís, mas rud nádúrtha, deonach é an grá, cad é mar thig a rá go bhfuil sé de dhualgas orainn grá a thabhairt? Deir an Pápa go dtig grá a tabhairt do Dhia mar nár fhan sé i bhfad i gcein ina Fhlaitheas dhoshriochte. Tháinig sé inár measc. Tháinig sé isteach sa tsaol seo. Chuir se a mhac. Chonaic muid a bheatha. Scríobh duine dá lucht leanúna, an t-Aspal Eoin, leitir lena áthas a rannt linn. Scríobh sé fá.. “an ní a bhí ó thus, an ní a chuala muid, an ní a chonaic muid lenár súile féin, an ní ar leag muid súil air agus lámh, mar atá, Briathar na Beatha..” (1 Eoin 1:1).

Sé an cruthú go bhfuil grá again dó go bhfuil muid umhal dá thoil atá curtha in iúl sna haitheanta. Agus ní focail amháin atá i gceist inár ngrá do Dhia. Ná mothúchán ach oiread. Thug Dia grá dúinn ar dtús agus thig linn freagairt lenár ngrá.

“Ní éilíonn Dia mothú uainn atá thar ár gcumas. Tá grá aige dúinn. Cuireann sé ar ár gcumas an grá sin a fheiceáil agus a mhothú. Ós rud é gur ghráigh seisean muidinne ar dtús, tig leis an ghrá bláthú mar fhreagra istigh ionainne. De réir mar a thig borradh faoin teagmháil seo, is léir nach mothúchán amháin atá sa ghrá. Tig mothucháin agus imíonn said. B’fhéidir gur lasair iontach tosaigh é an mothúchán ach ní iomláine an ghrá é” (Uimh 17).  

Is gníomh saorthola é an grá agus léirítear é sa dóigh ina gcaithimid ár saol.  

Mar sin de, ós rud é go ndearna Dia an oiread sin dúinne, ós rud é go dtáinig sé inár measc agus gur fhuiling sé ar ár son ina mhac Íosa Chríost, ba choir dúinne grá a thabhairt dósan agus tá muid ábalta sin a dhéanamh, Ach ní lenár mbriathra amháin a léiríonn muid an grá sin ach lenár ndeaghníomhartha agus lenár ngrá don chomharsain.  

Ach deirtear in amannaí: má tá an comharsa doicheallach, má mhaslaíonn agus ma ghortaíonn sé mé, an dtig liom é a ghráú? Tig. Is cuma cén aois é, cén cine, cén dath, cén creideamh, tig liom é a ghráú mar go dtug Críost sciar dá ghrá dúinn. An oíche ar tugadh suas é duirt sé: “Is í seo m’aithne: sibh grá a thabhairt dá chéile faoi mar a thug mé grá daoibh” (Eoin 15:12 ).  

Mar sin de, is é mo mhórmhian toil Dé a dheanamh. Cuirean sin ar mo chumas grá a thabhairt do gach duine, fiú amháin daofa seo nach eol domh nó nach maith liom. . Chím agus gráim gach duine le grá chroí Chríost. Mar adeir an Pápa:

        “Ansin, ní le mo shuile agus le mo mhothúcháin féin amháin a fhéachaim ar dhoine ach mar a d’fhéachfadh Críost orthu. Is é cara s’aigesean cara s’agamsa. Féachaim go domhain isteach sa duine agus chím mian dhomhain atá ag tnúth le grá agus le cúram. Tig liom sin a ofráil daofa… Nuair a chím daoine le súile Chríost tig liom níos mó ná na riachtanaisí seachtracha a thabhairt daofa: tig liom dearcadh orthu leis an ghrá lena bhfuil siad ag tnúth” (Uimh 18).

AG CUIDIÚ LENÁR GCOMHARSA, AG GRÁÚ GACH DUINE

Níl aon rogha ag an Eaglais ach a bheith páirteach in oibreacha carthanachta agus fóirithinte daofa seo atá ag fuilstin i gcorp agus in anam agus a bhfuil grá de dhíth orthu. Inár n-am féin ba shampla iontach den ghrá seo Treasa Bheannaithe Chalcutta . Thuig sí nárbh í an lobhra, an eitinn nó aids an aicid ba scáfaire lenár linn ach an mothúchán nach raibh tú de dhíth, nach raibh gá leat ná grá duit, nach raibh aird ag aonduine ort. Ní thig leis an Eaglais seirbhís cabhrach na mbocht agus na ndeileoir a fhágáil i lámha eagraíochtaí stáit. Déanann said seo obair iontach ag iarraidh cuidithe agus cirt a thabhairt dona ciníocha. Ach caithfidh an eaglais dhul níos faide ná sin agus grá Chríost, a eascraíonn ón chreideamh, a thabharit chucu seo uilig a bhfuil anás orthu. Tá cumas agus cúram phroifisiúnta de dhíth ach caithfidh eagraisí Eaglasta níos mó arís a ofráil. Deir an Pápa Benedict :

“Tá muid ag plé le daoine agus bíonn níos mó ná cúram cheart theicniúil de dhíth ar dhaoine i gcónaí. Tá daonnacht de dhíth orthu. Tá cúram a thig ón chroí de dhíth orthu. Ba cheart go soilseodh siad seo a oibríonn d’eagraisí carthanachta ne hEaglaise amach ós comhair an tsaoil mar, ní hé amháin go ndéanann said freastal ar riachtanaisí na huaire ach tugann siad a gcroí, a neart agus a n-anam go hiomlán do dhaoine eile ionas go mblaisfeadh said saibhreas a ndaonnachta” (Uimh 31a).

Nuair a thugaimid an grá Críostaí seo déanaimid aithris ar an ghrá a thug Dia dúinn. Dúirt an tEaspag Fulton Sheen: “Ní ghránn Dia muid cionnas go bhfuil muid luachmhar: tá muid luachmhar cionnas go ngránn sé muid.” Nuair a thugann tú grá do dhuine bláthaíonn sé. “Tá go leor daoine olc go fóill mar nach dtug aon duine go leor grá daofa” ( Pius XII ).  

AN CORGAS,TRÁTH GRÁ AGUS TRÓCAIRE

Da bhrí sin, tugaim buíochas daoibh as bhur bhflaithiúlacht leanúnach dona bochta agus lucht anáis. Ba léir an fhlaithiúlacht sin nuair a bhí cruinnithe speisialta again nuair a tharla tubaistí nadúrtha (an tsunami, na spéirlingí): sna cruinnithe dona misin agus do Chríostaithe sa Talamh Naofa ; nuair a thigeann misinéirí go dtí na paróistí ar lorg cuidithe; sa Chorgas nuair a bhíonn sibh fial le Trócaire: nuair a chudíonn sibh le Cumann Naomh Uinsionn de Pól .

Ar na hócáidí seo agus sna hiarrachtaí a dhéanann muid grá a thabhairt dá chéile, dearcaimís orthu seo dá dtugaimid cabhair le súile grámhara Chríost agus fios agann cibé rud a dhéanann muid dá chéile gur do Chríost a dhéanann muid é. Óir dúirt sé:

“Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe domh, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól domh, bhí mé i mo stráinséir agus thug sibh lóistín domh, bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m’fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm…Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domhsa a rinne sibh é” (Mat 25:35-36,40).  

Mar phointe scoir, cuimhnímis go bhfuil sé furast grá a thabhairt do fhir agus do mhná go ginéarálta ach gur mó an dúshlán grá a thabhairt daofa seo a chastar orainn ó lá go lá. Ach is iadsan na comharsanaí is dúshlánaí dá bhfuil again agus iarrtar orainn a breith inár Samáratánaigh maithe daofa.

Go raibh laethanta an Chorgais ina thráth grá agus trócaire againn go léir.

.

X Pilib Ó Buaidhe, O.C.D.,

 

    Easpag Ráth Bhoth