Tréadlitir an Chorgais  2007

Deoise Caitliceach Ráth Bhoth

.

Tréadlitir an Chorgas 2007

.

 

.

.

A Thiarna, ní fiú mé”

 An tEaspag Ró-Oirmh Pilib Ó Buaidhe, OCD.

Easpag Ráth Bhoth

ULLMHÚCHÁN CUÍ DON AIFREANN AGUS

DON CHOMAOINEACH NAOFA  

Creidimid go bhfuil stór luachmhar again san Eocairist Naofa. San áit a bhfuil creideamh beo, beidh meas mór ag doaine ar cheiliúradh an Aifrinn agus ar an fhoirgneamh beannaithe ina bhfuil Críost i láthair sa taibearnacal.  

Rinne ár sinsir íobairtí iontacha lena ndílseacht don Aifreann a chur in iúl sna glúnta a chuaigh romhainn. Chuir idir chléir agus tuath a mbeatha i mbaol. Bhí said fial, flaithiúil ionas go mbeadh scáthlán nó carraig Aifrinn, teach pobail beag nó Ardeaglais mhór acu leis an Aifreann a ofráil agus le cothú a fháil ó arán na Beatha.  

Maireann an t-ómós sin don Aifreann agus do Theach a’Phobail inár lá féin. Ach caithfear an t-ómós sin a ghríosú agus a athlasadh de shíor, go háirithe i ré seo an rachmais agus na teicneolaíochta, nuair atá an oiread sin béime ar phléisiúir agus ar ollmhaitheasaí an tsaoil seo.  

‘Sí an eaglais croílár gach paróiste. Is ansin a chastar Dia ar a phobal agus an pobal ar a nDia. Tiontaíonn daoine chuig an Eaglais in amannaí móra a saoil: i ndiaidh breithe, le beatha úr an Bhaiste a fháil: le maithiúnas a bpeacaí a fháíl: le cothú a fháil ó Chorp agus ó fhuil Chríost: le neart a fháil sa Chóineartú: le beannacht an phósta a fháíl; le sagairt a oirníu; le ola an bhisigh a fháil i dtinneas nó ag clapsholas na beatha.

 Faigheann muid grásta Dé sna Sacraimintí. Naomhaíonn agus Slánaíonn Dia muid iontu. Gan iad, ní bheadh Dial linn mar atá.  

AN EOCAIRIST NAOFA AGUS FÍOR-LÁITHREACHT CHRÍOST  

Imeasc na Sacraimintí, tá áit ar leith ag an Eocairist. Seo an tSacraimint is minicí a fhaighimid. Faigheann an Eaglais, agus gach ball di, a mbeatha ón Eocairist. Tá an tSacraimint ró-naofa seo i gcroílár bheatha ár gcreidimh. Níl dada níos luachmhaire ag an Eaglais. Tá corp agus fuil, anam agus diagacht ár dTiarna, Íosa Críost , san Eocairist . Is é an t-Aifreann slat tomhais ár gcreidimh.  

Creidimid gur íobairt atá san Aifreann. San Aifreann tugann Críost dúinn an corp céanna a thug sé suas ar ár son ar chrann na Croiche, an fhuil chéanna a shil sé ‘do mhorán chun maithiúnas na bpeacaí’ (Mt 26:28). Bíonn an íobairt chéanna i láthair arís i ngach Aifreann, faoi ghné aráin agus fíona. Bíonn an Críost céanna, a d’ofráil é féin go fuiltach ar chros Chalbhaire, i láthair agus á ofráil go neamhfhuilteach ag Coisreachadh an Aifrinn.  

Tugann sé cuireadh dúinn ansin é a ghlacadh i Sacraimint ba hEocairiste, sa Chomaoineach Naofa . Dúirt sé leo seo a raibh amhras orthu: ‘Deirim libh go fírinneach – muna n-ithe sibh feoil Mhac an Duine agus muna n-óla sibh a chuid fola, ní bheidh aon bheatha ionaibh: an té a itheas mo chuid feola agus a ólas mo chuid fola tá an bheatha shíoraí aige agus tógfaidh mé suas é ar an lá deireannach’. (Eoin 6:53-54).

Nuair a labhraimid ar ithe a chuid feola agus ar ól a chuid fola tuigimid go néanaimid é sin ar dhóigh shacraimintiúil san Eocairist Naofa agus nach brí lom fhisicúil atá leis. Cé go bhfuil sé faoi ghné aráin agus fíona, tá Críost i láthair go fíor. Aontaitear muid leis, ceanglaítear le chéile muid, déantar níos cosúla le Críost muid. Méadaíonn an Chomaoineach Naofa ar ngrá do Dhia; bíonn Dia sásta linn; neartaíonn sé muid leis an pheacadh a sheachaint.  

Fanann Íosa linn sa taibearnacal. Tugtar cuireadh dúinn é a adhradh, cuairt a thabhairt air go rialta, leorghníomh a dhéanamh sa neamart a dhéantar ann agus sna peacaí a dhéantar ina éadan. Ba é a mhian fanacht linn agus thug sé an tSacraimint Ró-Naofa dúinn mar bhronntanas deiridh an lá sula bhfuair sé bás. Is Cuimhneachán a bháis é, bronntanas grásta agus geall ne beatha síoraí. Tá creideamh de dhíth orainn le láitheacht Eocairisteach Chríost a ghlacadh chugainn féin. Is leor a fhocal: ‘Seo mo chorp a thugtar ar bhur son’. Is eisean an fhírinne. Níl breag ar bith ann .  

AIFREANN AN DOMHNAIGH

Os rud é go bhfuil an Eocairist chomh luachmhar agus chomh tábhachtach sin, is é teagasc na hEaglaise go mba cheart do Chaitlicigh dhuhl chun Aifrinn gach Domhnach agus Lá Saoire Eaglasta. Tig an dualgas chomhlíonadh ar an Domhnach (nó an lá soaire) féin nó ag Aifreann na Bhigile an lá roimhré.  

Is é an Domhnach am Tiarna, Lá na hAiséirí. Ó am na nAspal, is lá urnaí agus scíste é. Is é Aifreann an Domhnaigh dúshraith agus cuisle na beatha Críostaí. Tá dualgas orainn freastal ar Aifreann an Domhnaigh, muna bhfuil leithscéal maith again (mar shampla tinneas, seanaois, cúram naíonán etc). Deir an Teagasc Críostaí (CCC 2181) gur ‘peacadh trom’ é gan freastal ar Aifreann an Domhnaigh d’aonturas .  

Daofa seo a chleachtann a gcreideamh, ní Domhnach ceart an Domhnach gan Aifreann. Is maith an rud éisteacht leis an Aifreann ar an Raidió nó ar an Teilifís, ach ní chomhlíonann sé sin an dualgas má tá gléas orainn dhul chun Aifrinn.  

AN CHOMAOINEACH NAOFA  

Gríosaíonn an Eaglais an pobal leis an Chomaoineach Naofa a ghlacadh go minic, achan lá más féidir. Caithfear í a ghlacadh ar a laghad uair amháin sa bhliain (i Séasúr na Cásca, más féidir). Peacadh atá ann gan sin a dhéanamh. Nuair a thuigimid cad é chomh luachmhar is atá an bronntanas seo a thug Críost dúinn is pribhléid í a ghlacadh agus chan dualgac amháin é.  

Is é Íosa Criost é féin a ghlacann muid sa Chomaoineach Naofa . Níor cheart tagairt dó mar ‘arán beannaithe’-is é Corp agus Fuil Chríost é. Sín é ár gcreideanh. Sin an rud a ba cheart dúinn a theagasc dár bpaistí. Is stór an-luachmhar é. Is cuid den chreideamh é a thugaimid dár bpáistí.  

Caithfimid ullmhú maith a dhéanamh le fáilte a chur roimh Chorp agus Fhuil Chriost . Má bhímid páirteach go cráifeach san Aifreann, tá ullmhúchán maith á dhéanamh again. Ní bheidh muid in am ar bith fiúntach go huile agus go hiomlán. Sin an fáth a ndeir muid na focail adúirt an taoiseach céad sa tSoiscéal: ‘A Thiarna, ní fiú mé fo dtiocfá fá mo dhíon, ach abair thusa an focal agus leigheasfar m’anam’. (Mt 8:8). Is é an dea-bheatha an t-ullmhúchán ginéarálta is fearr.  

Deir an Teagasc Críostaí linn gur cheart dúinn troscadh a dhéanamh sula nglacann muid an Chomaoineach Naofa, sé sin, ‘gan aon bhia nó aon deoch a ghlacadh ar feadh uair a chloig ar a laghad roimh am Comaoineach, taobh amuigh d’uisce agus de chógaisí’ (CIC 919). Níl an dualgas sin ar dhaoine atá sean , ar dhaoine atá tinn ná ar dhaoine a bhfuil cúram na n-easlán orthu. ‘Ba dhual dá n-iompar corportha (Iuailí, éide) an urraim a léiriú, agus sollúntacht agus lúcháir an trátha seo nuair is é Críost atá ina aoi linn’ (CCC 1387). Dá bhfaigheadh muid cuireadh chuig Áras an Uachtaráin nó chuig Pálas an Rí bheadh muid cóirithe go cuí. Is cinnte gur cheart dúinn bheith cóirithe go cuí nuair a théann muid isteach in áit bheannaithe le Corp Chríost, arán na beatha síoraí, a ghlacadh.  

Lena chois sin, caithfimid bheith i stáid na ngrásta leis an Chomaoineach Naofa a ghlacadh go fiúntach, sé sin, gan peacadh trom ar bith a bheith déanta again nach bhfuil curtha i bhFaoistin again. Deir Naomh Pól linn ár gcoinsias a scrúdú agus gan dhul chun na haltóra gan smaointiú: ‘Dá chionn sin, duine ar bith a chaitheann an t-arán nó a ólann cupa an Tirana go míchuí beidh sé ciontach i gcorp agus i bhfuil an Tiarna. Déanadh duine é féin a scrúdú mar sin sula gcaitheann sé an t-arán agus sula n-ólann sé as an gcupa, mar an té a itheann agus a ólann gan corp an Tiarna a aithint, is é a dhaoradh féin a itheann agus a ólann sé. (1 Cor. 11:27-29).  

Ní thig le Críostaithe de shainchreidimh (denominations) eile, a bhíonn ag an Aifreann agus nach bhfuil aontaithe go hiomlán leis an Eaglais Chaitliceach, an Chomaoineach Naofa a ghlacadh. Tig leo , más mian leo , dhul chun na haltóra, a lámha a chur trasna a chéile ar a mbrollach, an ceann a umhlú agus beannacht a fháil ón tsagart. Dá rachadh said chuig Comaoineacha, comhartha a bheadh ann go bhfuil aontacht iomlán eadrainn, rud nach bhfuil, go fóill, faraor.  

Thig le Caitlicigh nach bhfuil peacadh trom atá déanta acu curtha i bhfaoistin acu agus absalóid faighte, nó atá i stáid neamhrialta, dhul chun na haltóra le beannacht a fháil ón tsagart agus le cuidiú a iarraidh ar an Tirana. Dá rachadh said chuig Comaoineacha thabharfadh said easonóir don Tiarna Íosa agus scannal don phobal.

Tugann an Tiarna cuireadh dúinn chuig Sacraimint seo a ghrá lena gcothaíonn sé muid. Caithimis deabheatha agus ullmhaímis go cuí le fáilte a chur roimhe isteach inár gcroí le beatha is brí a thabhairt dúinn.  

ADHRAIMÍS É AGUS SCAIPIMÍS A GHRÁ

Nuair atá an t-Aifreann thart, fanann an Tiarna sa tSacraimint Naofa mar bhronntanas buan. Ba cheart dúinn cuairt a thabhairt air agus é a adhradh. Dúirt an Pápa Eoin Pól II : ‘Tá gá ag an Eaglais agus ag an domhan le adhradh Eocairisteach. Tá Íosa ag fanacht linn i sacraimint an ghrá. Ná diúltaímis an t-am a thabhairt dó agus é a adhradh. Déanaimís meabhrú air inár gcreideamh, déanaimís leorghníomh i gcoireanna an tsaoil. Ná stadadh ár n-adhradh’ ( Dominicae Cenae . 1980. Uimh 3).  

Is meanár dúinn ó tharla go bhfuil an oiread sin séipéil Adhartha sa Deoise, áit a gcaitheann daoine am ag urnaí chuig an Tiarna. Bíonn siad ag guí do ghairmeacha, iarrann said grástaí atá de dhíth orthu, tugann said buíochas as beannachtaí Dé, déanann said leorghníomh i bpeacaí agus i neamart an tslua. Ba mhaith liom go mbeadh Adhradh na NaomhShacraiminte i ngach paróiste sa Deoise ar feadh dhornán uaireanta ar a laghad gach seachtain, nuair a bheadh an tSacraimint Naofa ar taispeaint ionas go dtabharfaí adhradh di.  

Tá muid sa Chorgas. Am urnaí agus aithrí é. D’iarr an Pápa Benedict XVI orainn séasúr a dhéanamh de Chorgas na bliana seo ina dtabharfaimis buíochas do Dhia as a mhórghrá dúinn sa tSacraimint Ró-Naofa agus ina scaipfimís an grá sin ar dhaoine eile. Dúirt sé: ‘Caithimis an Corgas seo mar thráth Eocairisteach. Cuirimís fáilte roimh ghrá Chríost agus scaipimís é le gach briathar agus gníomh dár gcuid… Go mothóimid grá Dé dúin i gCríost go húrnua an Corgas seo agus go dtugaimid an grá sin dár gcomharsa, go háirithe dóibh seo a bhfuil crá agus anás orthu’. (An Pápa Benedict XVI , Corgas 2007).  

Go gcuidí an Corgas linn grá Dé dúinn a mhothú agus a bhrath agus go méadú sé ár n-ómós dá shíorláithreacht.

 

X Pilib Ó Buaidhe. OCD,

   Easpag Ráth Bhoth

Críost Linn  

A Anam Chríost, naomhaigh mé.

A Chorp Chríost, slánaigh mé.

A Fhuil Chríost, sásaigh mé.

A Uisce ó thaobh Chríost, nigh mé.

A Íosa dhílis, éist liom.

I do chréachta folaigh mé.

Ná lig dom scarúint leat.

Ar an namhaid mallaithe cosain mé.

Ar uair mo bháis glaoigh orm.

Agus ordaigh dom teacht chugat

Ionas go molfainn i gcomhluadar na naomh thú

Trí shaol na saol.

AMEN.  

.