|
TRÉADLITIR AN CORGAS 2008 |
THE CATHOLIC DIOCESE OF RAPHOE |
CÚRAM
NA BEATHA AR NA BÓITHRE
CÚRAM
NA BEATHA AR NA BÓITHRE
|
I |
s
bronntanaisí luachmhara ó Dhia iad an bheatha agus an tsláinte.
Chuir Sé faoinár gcúram iad. Tá
dualgas orainn aire a thabhairt daofa agus gan iad a chur i mbaol tré mhí-iompar
gan chúram. Áit amháin a
gcuirtear i mbaol iad is ea ar na bóithre.
Maraíodh níos mó ná 300 duine i dtimpistí bóthair in Éirinn
anuraidh. I nDún na nGall féin
faigheann thart fá 20 duine bás gach bliain i dtaismí bóthair.
Gortaítear na mílte eile ar na bealaigh móra agus fágtar cuid mhór
acu creapalta ar feadh a saoil. Cé
gur fíor gur earráidí agus dearmaid dhaonna is cúis le cuid dena básannaí
agus dena gortaithe seo is iad barraíocht luais, easpa cúraim, úsáid ólacháin
agus drogannaí is ciontaí leis an chuid is mó acu.
Tá
an bheatha dhaonna beannaithe. ‘Sé
Dia a chruthaigh í agus is Eisean amháin Tiarna na Beatha.
Níor cheart do dhuine ar bith a bheatha féin nó beatha dhaoine eile a
scrios ná a chur i gcontúirt. Is
mian le Dia go dtabharfadh muid aire mhaith réasúnta dár mbeatha agus dár sláinte.
Sin cuid den chúigiú aithne: ‘Ná dean marú’ (Deot. 5:17).
Dá bhrí sin, tá an iomarca d’aon rud ná d’aon chineál a chuireas
an bheatha i mbaol mí-mhorálta. Deir
Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí: ‘Tromchion a dhéanann siad siúd a
chuireann a slándáil féin agus slándáil daoine eile i mbaol ar na bóithre,
ar muir nó san aer, de dheasca meisceoireachta nó ródhúil sa luas’ (Uimh.
2290).
TIOMÁIN GO CÚRAMACH
|
D |
á
bhrí sin, molaim go láidir do gach duine a úsáideann na bóithre tiomáint
go cúramach, a bheith umhal do rialacha an bhóthair agus meas a thaispeáint
do thiománaithe eile. Bí
foighdeach agus tuigsineach. Coinnigh
do fheithicil in ord agus in eagar mhaith mheicniúil.
Glac sos má bhíonn tuirse nó codladh ort.
Ná bí feiceálach ná giodalach nuair atá tú ag tiomáint.
Ná bí ag pasáil fheithiclí eile go contúirteach ná go ciotach.
Ná bris an teora luais agus tú ag deifriú (chun na síotaíochta).
Cuimhnímis uilig gur minic gurb é an bás an toradh a bhíonn ar thiomáint
faoi thionchur an ólacháin. Tig
linn sult a bhaint as rudaí, ach an mheasaracht a chleachtadh i dtólamh.
Tá
do bheatha féin agus beatha dhaoine eile ró-luachmhar lena gcur i mbaol.
Ní thuilleann do bheatha a leithéid de bhaol óir tá tú luachmhar,
iontach luachmhar i súile Dé. Ná cuir ó rath a bhfuil beartaithe Aige duit
anseo ar talamh. Ná scrios na
dearudaí a bheadh i ndán Aige duit dá mairfeá beo.
Chomh
maith le sin, tá tú iontach luachmhar i súile mhórán daoine a bhfuil aithne
acu ort – do thuismitheoirí, do theaghlach, do chairde, do chomrádaithe.
D’fhágfadh do bhás – arbh fhéidir a sheachaint – bearna mhór
nach bhféadfaí a líonadh go deo ina saol.
Tá
do bheatha luachmhar duit féin fosta. Ná
téigh sa tseans a scriosfadh nó a mhillfeadh í ar feadh do shaoil.
Muna bhfuil do bheatha agat, caidé eile atá agat anseo ar talamh?
Dúirt
an Pápa Pius XII na focail seo le tiománaithe na blianta fada ó shin nuair
nach raibh mórán feithiclí ar an bhealach:
‘Ná
déan dearmad meas a bheith agat ar na daoine eile atá ag úsáid an bhealaigh.
Bí béasach le tiománaithe eile agus leo seo atá ag siúl agus tabhair
cothrom na Féinne dóibh. Bí bródúil
as a bheith ábalta an bhuaidh a fháil ar an easpa foighde atá nádúrtha go
leor in amannaí…ionas go mbeidh do dhea-bhéasa ina gcomharthaí ar an fhíor-charthannacht.
Ar an dóigh sin, ní hé amháin go mbeidh tú ábalta taismí gránna a
sheachaint, ach beidh tú ábalta fosta uirlís úsáideach duit féin agus do
dhaoine eile a dhéanamh den ghluaisteán, uirlis atá ábalta fíorphléisiúr
a thabhairt duit.’
TÁBHACHT NA hURNAÍ
|
D |
úirt
Íosa go mba é féin an ‘Bealach’ (Eoin 14:6), an ‘slí’ a threoraíonn
muid chuig ár sprioc síoraí. Cosnóidh
sé muid agus muid ag taisteal na mbóithre.
Déanann sé seo go minic tré idirghuí a chuid Aingeal agus Naomh.
Deir Salm 91:
‘A Thiarna, mo dhídean tú!
Ní thiocfaidh aon urchóid i d’aice..
Óir thug sé ordú dá aingil i do thaobh:
tú a chosaint i do shlite go léir…’
(Salm 91:9-11).
Ba
chóir dúinn urnaí a dhéanamh agus dóchas a bheith againn ina chúram
cosanta.
Abair
paidir nuair a bhéas tú ag dul i gceann an bhealaigh, fiú amháin má tá an
turas gairid. Guidh chuig an
Mhaighdean Mhuire, Oilithreach, Muire an róid, nó chuig Naomh Christopher nó
chuig d’aingeal coimhdeachta nó chuig an Ardaingeal Rafael a bhí i
gcuideachta Thóibias ar a thuras agus atá ina Phátrún agus ina Chosantóir
ag taistealaithe. ‘Cé go
n-iarrann muid orthu seo atá sna Flaithis a bheith ag idirghuí ar ár son, níor
cheart dearmad a dhéanamh don tábhacht atá le Comhartha na Croise a dhéanamh
ag tús turais. Nuair a dhéanann
muid Comhartha na Croise cuirimid muid féin faoi choimirce na Tríonóide.
Dírítear ár n-aird ar Dhia, an tAthair, ár gCruthaitheoir agus ár
gcinniúint. Cuirtear muid faoi chúram
ár dTreoraí, Íosa Críost, (Eoin 8:12). Cuireann
scéal Emmaus (Lúcás 24: 13-35) ar ár súile dúinn go gcastar an Tiarna
orainn ar an bhealach, go dtéann sé ar lóistín ina dtithe seo a thugas
cuireadh dó, go dtaistealann sé linn agus go suíonn sé ag ár dtaobh.
Agus faoi dheireadh, tugann Comhartha na Croise ar ais chuig an Spiorad
Naomh, Tiarna agus bronntóir na Beatha, muid.
Soilsíonn an Spiorad Naomh intinn na ndaoine a ghlaonn air agus tugann sé
bronntanas na heagna daofa le cuidiú leo ceann scríbe a bhaint amach.’
(Treoirlínte Chúram Bóithre, Uimh. 59, 19-6-2007)
Tig
turas fada a ghiorrú agus a dhéanamh níos sábháilte má deirtear urnaí
lena linn, an Paidrín, mar shampla. Is
deas an nós é do choisreacadh a dhéanamh nuair a tchí tú Teach Pobail nó
reilig ar an bhealach. Coinníonn
tiománaithe go leor buidéal beag uisce coisreactha nó bonn beannaithe
(miraculous medal) nó bratóg Bhríde nó créafóg Ghartáin nó cárta ar a
bhfuil paidir do thiománaithe ina bhfeithicil.
Is nós inmholta é dhul chuig an tsagart le feithicil úr a
choisreacadh. Cuidíonn na deabhóidí
seo uilig le muid a chosaint agus a chumhdach ar a bhealach nó méadaíonn siad
ár ndóchas i nDia a ghránn muid agus ar cúram leis muid.
Ní
thig linn sábháilteacht ar na bóithre a fhágáil i lámha na n-údaráisí
cuí agus na maor tráchta amháin. Mar
dhaoine a bhfuil creideamh acu, tá sé de dhualgas orainn tiomáint go cúramach,
meas a bheith againn ar dhaoine eile agus coimirce na nAingeal agus na Naomh a
lorg agus muid ar ár dturas go ceann scríbe.
Molaim
go láidir dona tiománaithe uilig meas a bheith acu ar Rialacha an Bhóthair le
bronntanas na Beatha a thug Dia dúinn a chosaint. Beidh
an bheatha i mbaol go dtí go n-athraí muid ár ndearcadh ar úsáid na mbóithre.
Go
gcumhdaí na hAingle sibh uilig ar bhur dturas.
Go
soirbhí Dia daoibh agus go n-éirí an bóthar libh.
+
Pilib Ó Buaidhe, O.C.D.
Easpag Ráth Bhoth
Chríost
Liom
Críost
liom, Críost ionam,
Críost
romhan, Críost i mo dhiaidh.
Críost
faoim, Criost os mo chionn,
Críost
ar mo laimh dheis, Críost ar mo láimh chlé,
Críost
ar mo shuí, Críost ar mo luí, Críost ar m’éirí,
Críost
i gcroí achan duine a smaointíos orm,
Críost
i mbéal achan duine a labhras liom,
Críost
i ngach súil a dhearcas orm,
Críost
i ngach cluas a éisteas liom.