![]() |
TRÉADLITIR BLIAIN
AN PHAIDRÍN An Dr. Sár-Oirmh Pilib Ó Buaidhe Easpag
Rath Bhoth
Corgas
2003
|
Cluinfidh
sibh cuid mhór fán Phaidrín i mbliana. I mo thréadlitir dheireanach ar
‘Urnaí agus an Teaghlach’ rinne mé tagairt ghairid do thábhacht an Phaidrín
sa teaghlach. Thrácht mé ar an dóigh ar choinnigh an Paidrín Páirteach
teaghlaigh na tire seo i gceann a chéile ar feadh na gcianta agus ar an dóigh
ar choinnigh sé i dteangmháil le Dia agus lena Mháthair Bheannaithe iad. I mí
Dheireadh Fómhair seo chaite chuir an Pápa Eoin Pól II Litir Aspalda ar an
Phaidrín amach. Sa litir sin dúirt sé gurb é an Paidrín ‘an phaidir is
fearr’ leis agus go raibh tábhacht ar leith leis an Phaidrín ina shaol
spioradálta ó bhí sé ina ghasúr. Bhí an Paidrín leis in am an áthais agus in am an anáis
(cf. Rosarium Beatae Mariae Virginis, Uimh. 1). Dúirt sé gur lúireach
cumhachtach atá sa phaidir uasal ársa seo in éadan na gcontúirtí atá ag
bagairt ar ár gcreideamh sa lá atá inniu ann.
Ag cur Aithne ar Chríost
Is
é an Paidrín ceann dena dóigheanna is mó a dtugaimid onóir agus ómós do
Mhuire. Ach tá sé tábhachtach go gcuimhneodh muid I dtólamh gurb é Íosa Críost
é féin croílár gach deabhóide dá dtugaimid do Mhuire. Deireann muid an
‘Sé do bheatha, a Mhuire,’ (an phaidir is mó atá againn in onóir
Mhuire), deich n-uaire i ngach deichniúr. Ach ‘is é ainm Íosa croílár an
‘Sé do bheatha, a Mhuire,’; is é ainm Íosa an hinse a cheanglaíonn an chéad
chuid agus an dara cuid den ‘Sé do bheatha’ le chéile’ (Uimh 33)
Sin
mar ba mhaith le Muire é bheith. Cé go bhfuil i bhfad níos mó ‘Sé do
bheatha, a Mhuire’ sa Phaidrín ná mar atá d’aon phaidir eile, is ar Íosa
atá an Paidrín dírithe agus cuidíonn sé linn aithne a chur air agus grá a
thabhairt dó.
Tá
compánach de dhíth orainn uilig ar ár dturas creidimh, taca cinnte a dtig
linn brath air nuair a thig muid i láthair Dé lena mholadh. Is é an Liotúirge
– an tAifreann agus na Sacraimintí – an urnaí is uaisle agus is airde ach,
i gcráifeacht an phobail, tá meas ar leith ar an phaidrín agus cumhacht dá réir
aige. Dúirt duine inteacht gur ‘coimriú den tSoiscéal’ atá sa Phaidrín,
a threoraíos fríd bheatha Chríost muid agus muid ag machnamh ar rúindiamhra
a bheatha tré shúile Mhuire.
Ní
raibh aithne ag aon duine ar Chríost mar a bhí ag a mháthair. Is ise is fearr
a theagascós dúinne an dóigh le aithne a chur ar a mac. Ba ise an compánach
nach raibh i bhfad uaidh in am ar bith, a bhí i láthair go gníomhach ag príomhimeachtaí
a shaoil. Mad adeir an Pápa:
Bhí
na cuimhní a bhí aici ar Íosa taiscithe ina croí. Bhí na cuimhní sin léithe
i dtólamh agus í ag machnamh ar gach rud dár tharla agus í le hais a mic. Ar
dhóigh amháin, ba iad na cuimhní sin an paidrín a bhí á rá gan stad aici
i rith a saoil ar fad” (Umh 11)
Tá
daoine ann adeir go bhfuil an Paidrín leadránach, ag rá an rud céanna arís
is arís eile gan smaointiú, gan mhachnamh. Ach, nuair a deir muid an ‘Sé do
bheatha, a Mhuire’, arís agus arís eile níor cheart dár n-intinn a bheith
gan mhothú, gan mhachnamh. Is amhlaidh a ba cheart dár n-intinn agus dár gcroí
bheith saor le machnamh ar an rúindiamhair atá romhainn agus ar an té dá
dtugaimid grá. Nuair atá an Choróin Mhuire á méaradrú, tá an té atá ag
urnaí ina dhúiseacht i gcreideamh agus i ngrá. Níl sé leadránach nuair
“a smaointíonn muid gurb é an rud atá sa Phaidrín ná duine ag dórtadh
amach grá a chroí. Cuireann an duine an grá sin in iúl arís agus arís
eile, ag úsáid na mbriathra céanna, ach ag athnuachaint agus ag athlasadh na
mothúchán atá taobh thiar dena briathra sin” (Uimh. 26)
Ar
an ábhar sin, dearbhaíonn an Pápa Eoin Pól II gur paidir dianmhachnaimh atá
sa Phaidrín Pháirteach agus go bhfuil sé ‘ar cheann dena paidreacha is breátha
i dtraidisiún an dianmhachnaimh Chríostaí (Uimh 5). Deir an Teagasc Críostaí
linn go ‘bhféachann an urnaí chríostaí le machnamh a dhéanamh, thar aon ní
eile, ar ‘rúndiamhair Chríost’, ar an lectio divina, mar shampla, nó ar
an Phaidrín’ (CNEC 2708). I ndianmhachnamh an Phaidrín bímid ag smaointiú
agus ag meabhrú ar rúindiamhra bheatha Chríost agus iad á nochtadh tré shúile
na Maighdeana Beannaithe Muire.
Bíonn siad
seo adeir an Paidrín ag cuimhniú agus ag machnamh ar na rudaí a tharla i
mbeatha Chríost. Ag an am chéanna faigheann siad cuid de ghrásta shlánaitheach
na n-imeachtaí sin. “Nuair a mhachnaíonn siad ar bhreith Chríost foghlaimíonn
siad fá naofacht na beatha; nuair a fheiceann siad an teaghlach naofa i Nasair
foghlaimíonn siad fá fhírinne bhunúsach an teaghlaigh i bplean Dé; nuair a
éisteann siad leis an Mháistir ina chuid seanmóireachta poiblí tig siad ar
an tsolas a threoraíos chuig Ríocht Dé iad; nuair a leanann siad ar an
bhealach go Calbhaire é foghlaimíonn siad brí na fuilstine slánaithí. Agus,
ag deireadh, nuair a mhachnaíonn siad ar Íosa agus ar a Mháthair Bheannaithe
sa ghlóir chíonn siad an sprioc chuig a nglaoitear gach duine againn, má
ligeann muid don Spiorad Naomh muid a leigheas agus a chlaochló”. (Uimh 25)
Paidir in
am an Ghá
I
dtréimhsí éagsúla i stair an phobail Chríostaí, nuair a bhí beatha agus
creideamh an phobail sin faoi bhagairt agus i mbaol, thiontaigh siad go lánmhuiníneach
chuig idirghuí na Maighdeana Beannaithe agus chuig an Phaidrin. Seacht gcéad
bliain ó shin, nuair a bhí eiriceacht ag scaipeadh, d’úsáid na Doiminiceánaigh
an Paidrín leis an chreideamh Chríostaí a chosaint. Sa seisiú céad déag
chreid siad gurb é an Paidrín ba chiontaí leis an bhuaidh ar an namhaid i
gCath Lepanto agus cuireadh tús le Lá Fhéil’ Muire an Phaidrín ar an 7ú
Deireadh Fómhair dá thairbhe sin.
Inár
dtír féin nuair a glacadh seilbh ar na tithe pobail agus nuair a cuireadh na Péindlíthe
i bhfeidhm choinnigh ár sinsir greim daingean ar an Phaidrín mar ancaire a slánaithe.
Sa bhliain 1651 rinne Cromail trácht ar mhisneach na ndaoine sa tuairisc a
chuir sé chuig na húdaráisí: “nuair atá siad I mbéal mo chuid gunnaí, tógann
siad coróin de chnaipí in airde ina lámha agus ní ghéilleann siad choíche”
(cf. Knock, Roots of Irish Spirituality, B.Á.C. 1988 lch. 24).
“Nuair a
mhachnaíonn muid ar a ndeireann an Tiarna linn agus muid ag rá an Phaidrín
agus deabhóid do Mháthair Dé fite fuaite lenár meabhrú ar rúndiamhra
bheatha a Mic” (Seanmóir i gCnoc Mhuire, 30 Meán Fómhair 1979) cuireann
muid aithne agus eolas níos fearr ar fhocla Chríost linn agus tugtar neart dúinn
le hachainí Mhuire a chur i gcrích inár saol: ‘Déanaigí cibé a iarrann sé
oraibh’ (Eoin 2:5).
Tá
dúshláin mhóra romhainn inniu. Ina measc tá bagairtí cogaidh agus
sceimhleoireachta a mharódh na mílte atá gan choir; tá dúshláin mhóra
roimh an óige nuair atá luachanna morálta ag titim as a chéile augs drochúsáid
leitheadach á bhaint as deochanna meisciúla agus as droganna eile: tá cuid mhór
daoine aineolach agus ar nós-Cuma-liom fánar gcreideamh: tá ‘gníomhartha
na colainne’ follasach, mar adeir Naomh Pól-‘drúis, gáirsiúlacht agus
graostacht: íoladhradh agus asarlaíocht; eascairdeas, achrann agus formad;
fearg, bruíonta, clampar agus faicsin, éad, meisce, ragairne agus a leithéid
eile’ (cf. Gal 5:19-21)
Nár
cheart dúinn – uair amháin eile – tiontó go muiníneach chuig an Phaidrín
le grásta a fháil, le muid a shaoradh ó olc agus le tearmann agus dídean a
fháil i gcroí gan smál na Maighdeana Muire? Déarfaidh na páistí an paidrín
– nó dornán deichniúracha de, ar a laghad- má thugtar deashampla daofa sa
bhaile ó laethe a n-óige. Dhéanfaidh an Paidrín an teaghlach a cheangal le
chéile agus gnóthóidh sé mórán beannachtaí óna Flaithis.
D’iarr
an Pápa Eoin Pól II orainn an Choríóin Mhuire a thógáil inár lámha arís
eile agus an Paidrín a ghuí go dúrachtach le aithne níos fearr a chur ar Íosa
agus le grástaí a ghnóthú do mhórán daoine. “In amannaí nuair a bhí an
Chríosraíocht í féin i mbaol creideadh go mba é cumhacht na hurnaí a thug
slán í agus go mba é idirghuí Mhuire an Phaidrín a shábháil í. Tá dúshláin
úra romhainn inniu. Cad chuige nach rachaimisinne i muinín an Phaidrín leis
an dóchas agus leis an chreideamh chéanna is a bhí ag ár sinsir?” (Uimh.
39.7)
Ar
ócáidí speisialta, tig sliocht fóirstineach ón Scrioptúir nó focla
machnaimh a aithris roimh gach deichniúr. Mhol an Pápa Eoin Pól II cúig rúindiamhra
Úra – Rúindiamhra an tSolais – ‘le brí agus suim úr’ (uimh. 19) a
mhuscailt sa Phaidrín. Deirtear iad Déardaoin. Machnaímid ar chúig eachtra
sholasmhar i saol poiblí an Tiarna: 1. Baisteadh Chríost in Abhainn na hIordáine
2. An Bhainis a bhí i gCána 3. Craobhscaoileadh na Ríochta agus an glaoch
chun aithrí. 4. Athrú Crota an Tiarna 5. Bunú na hEocairiste.
Má
deirtear an Paidrín i gcreideamh agus i gcráifeacht cuideoidh sé le hatmaisféar
urnaí a chrúthú sa bhaile agus coinneoidh sé daoine cóngarach d’Íosa
agus dá Mháthair Bheannaithe. Beidh daoine eolach ar rúindiamhra shlánaitheacha
bheatha Chríost agus cleachtaithe leo. Beidh an Paidrín ina fhoinse grástaí
iomadúla do dhaoine aonaracha agus do theaghlaigh.